Mí-úsáid Ghnéis ar pháistÍ

Mí-úsáid ghnéis ar pháistí

 

Is éard is mí-úsáid ghnéis ar pháistí ann iallach a chur ar pháiste nó é/í a ionramháil sa chaoi is go nglacfaidh sé/sí páirt i ngníomhaíocht ghnéasach.

 

Is iomaí cineál mí-úsáide atá ann, mar shampla:

  • iallach a chur ar pháiste breathnú ar phornagrafaíocht,
  • iallach a chur ar pháiste breathnú ar ghníomhartha gnéasacha,
  • breathnú ar pháiste ar shlí ghnéasach (D’fhéadfadh go mothódh páiste coillte aige sin ach níl aon dlí díreach ina choinne in Éirinn faoi láthair),
  • lámh a leagan ar pháiste ar shlí ghnéasach,
  • iallach a chur ar pháiste féinghlacaireacht a dhéanamh nó glacaireacht a dhéanamh ar an mí-úsáideoir,
  • ionsaí gnéis (éigniú Alt 4) lena mbaineann polladh, cuma cé chomh beag is atá sé, ag lámh nó aon rud eile,éigniú.
  • Is é sin treá an bhéil, an anais nó na faighne ag péineas, ag méar nó ag aon rud eile.

Is minic nach mbíonn mí-úsáid ghnéis ar pháistí foréigneach ar shlí fhisiceach ach bíonn éifeachtaí aici i gcónaí ar shícé an pháiste.D’fhéadfadh go mbainfí mí-úsáid as páiste uair amháin nó gach lá ar feadh na mblianta.

Is iomaí cineál duine a bhaineann mí-úsáid as páistí agus is iomaí áit inar féidir léi tarlú.Ach, níos minice ná a mhalairt, is duine de mhuintir an pháiste nó duine a bhfuil údarás aige an té a bhaineann mí-úsáid as agus bíonn muinín ag an bpáiste as.

Is annamh is gníomh gan choinne í mí-úsáid ghnéis ar pháiste.Bíonn pleanáil agus ullmhúchán ag baint léi de ghnáth le go mbeadh fáil ag an mí-úsáideoir ar an bpáiste agus gcoinneodh sé an teagmháil sin.Is minic a úsáideann an mí-úsáideoir athdhéanamh, gnáthamh agus deasghnátha chun iallach a chur ar pháistí na rudaí a theastaíonn ón mí-úsáideoir a dhéanamh agus le ciúnas a chinntiú.  Mar shampla, d’fhéadfadh athair atá ina mhí-úsáideoir rainn do pháistí, paidreacha, am folctha nó béiríní a úsáid ar an gcaoi seo.D’fhéadfadh bronntanais, cluichí casta, gléasadh suas nó tógáil grianghraf a bheith ina gcuid freisin d’ullmhúchán an pháiste ó thaobh deasghnáth de i bplean an mhí-úsáideora.

Beidh roinnt marthanóirí in ann cuimhneamh ar mhionsonraí uile na mí-úsáide.Ní bheidh ag daoine eile ach mothúcháin dhoiléire gur ‘tharla rud éigin’.Beidh daoine eile fós tar éis na cuimhní a chur i leataobh ar feadh na mblianta fada ach anois, agus iad fásta, beidh na cuimhní ag teacht ar ais chucu.
 

Cén fáth a bhfuil an oiread sin ciúnais ann?

Is iomaí duine ar baineadh mí-úsáid ghnéis ar pháiste as/aisti a fhanann ina t(h)ost faoin méid a tharla.

Mar pháiste:

  • Is minic a bhíonn an iomarca eagla orthu chun é a rá le duine ar bith ag an am.
  • D’fhéadfaidís é a rá le duine éigin ach nach gcreidfeadh an duine sin iad.
  • B’fhéidir go mbeadh an milleán curtha ar an bpáiste ag an mí-úsáideoir agus é ag rá go raibh an páiste go dona nó difriúil.
  • Uaireanta bagraíonn an mí-úsáideoir go dtarlóidh rud uafásach má insíonn an páiste an scéal, mar shampla an bás nó a bheith curtha as baile.
  • D’fhéadfadh an páiste an scéal a ‘insint’ ach ar shlí nach dtuigeann na daoine thart air/uirthi.
  • D’fhéadfadh an páiste a cheapadh nach ndéanfadh sé aon mhaith dá n-inseodh sé/sí an scéal, agus sin de thoradh dhrochéifeacht na mí-úsáide.
  • D’fhéadfadh an mí-úsáideoir a bheith fós i saol an pháiste agus é de chumhacht aige imeachtaí agus cúinsí a rialú.
  • D’fhéadfadh an páiste a bheith ag brath ar an mí-úsáideoir, nó d’fhéadfadh sé/sí a cheapadh go bhfuil sé/sí ag brath air.
  • D’fhéadfadh go mbeadh an mí-úsáideoir tar éis a chur ina luí ar an bpáiste nach cás le duine ar bith é/í ach an mí-úsáideoir féin.
  • D’fhéadfadh grá a bheith ag an bpáiste don mhí-úsáideoir.

Mar dhuine fásta:

  • D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair orthu fós dóthain muiníne a chur i nduine ar bith chun an scéal ar fad a insint dó/di.
  • D’fhéadfadh nach mbeidís ag iarraidh cuimhneamh ar ar tharla, ar eagla go dtiocfadh cuimhní pianmhara ar ais chucu ina dtuilte agus go mbeadh orthu an chiontacht, an náire, an t-uamhan, an féindéistean, an ísle brí agus an eagla a mhothú arís.
  • D’fhéadfadh nach mbeadh uathu ach dearmad a dhéanamh ar an am a caitheadh, ach nach mbeidís in ann é sin a dhéanamh.
  • D’fhéadfadh go ceapfaidís gur chóir dóibh a bheith ‘tagtha chucu féin’ faoin am seo agus d’fhéadfadh daoine atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dóibh a bheith á rá sin leo.

Céard iad éifeachtaí an chiúnais?

D’fhéadfadh cuid de na tréithe seo a leanas a bheith ag daoine ar baineadh mí-úsáid ghnéis ar pháiste astu:

  • bíonn tromluithe nó spléachtaí siar acu,
  • tá easpa féinmhuiníne orthu,
  • ní maith leo iad féin, cuireann siad an milleán orthu féin nó tugann siad drochíde dóibh féin trína bheith ag ithe an iomarca nó gan a ndóthain a ithe, a bheith ag ól, ag tógáil drugaí nó ag déanamh rudaí eile a dhéanann dochar dóibh féin,
  • is deacair leo muinín a chur i ndaoine,
  • mothaíonn siad nach bhfuil grá ná sonas tuillte acu ná nach bhfuil siad i dteideal caidreamh a bheith acu a chuirfeadh áthas orthu,
  • bíonn eagla orthu faoina bpáistí féin agus bíonn siad ag déanamh imní faoina bheith róchosantach orthu,
  • is fadhb dóibh é an gnéas mar go dtugann sé cuimhní na mí-úsáide ar ais chucu, nó mar go gceapann siad go caithfidh siad a chruthú go bhfuil siad in ann don ‘ghnáthghnéas’ agus nár chuir an mhí-úsáid isteach orthu.

An iomarca le dul i ngleic leis leat féin

Ar an drochuair, is minic inár sochaí nach n-insíonn duine ar baineadh mí-úsáid ghnéis as/aisti mar pháiste an scéal go brách nó, má insíonn, nach mbíonn sé de neart ná de mhisneach aige/aici é a dhéanamh go dtí blianta fada tar éis na mí-úsáide.Is é an dea-scéala nach mbíonn sé ródheireanach go brách agus go bhfuil tairbhe bainte ag go leor marthanóirí as comhairleoireacht na blianta fada tar éis na mí-úsáide.

Mar dhuine fásta, d’fhéadfadh rudaí éagsúla na cuimhní a athmhúscailt, mar shampla tuairiscí ar mhí-úsáid ghnéis sna meáin, caidreamh nua, leanbh a thabhairt ar an saol nó bás duine de do mhuntir.

Más duine tú ar baineadh mí-úsáid ghnéis asat agus tú i do pháiste, is tusa an t-aon duine amháin atá in ann a chinneadh an é seo an t-am ceart le labhairt le duine éigin.Ach, nuair atá tú réidh, táimid anseo.