Tuilleadh maidir le comhairleoireacht
Céard a dhéanfaidh comhairleoireacht dom?
Tugann comhairleoireacht am agus spas duit le do chuid mothúchán a fhiosrú. Is é an aidhm atá againn sa chomhairleoireacht cabhrú leat do chumas iomlán a chomhlíonadh, sa chaoi is nach mbeidh an foréigean gnéasach a d’fhulaing tú ag rialú do shaoil, d’iompair agus do chuid roghanna a thuilleadh.
Is duine gairmiúil é/í an comhairleoir agus, dá bhrí sin, ní gá duit é/í a chosaint ar dhéine do chuid mothúchán ná ar shonraí an tráma mar a dhéanfá, b’fhéidir, le do mhuintir nó leis na cairde a gcuireann tú muinín iontu.
Is féidir leat bualadh le comhairleoir in Ionad Ghéarchéim Éignithe fiú mura dtuairiscíonn tú an eachtra chuig na póilíní ná dul faoi scrúdú míochaine. Is cuma cé chomh fada ó shin a tharla an t-ionsaí.
Cá fhad a bheidh mé i mbun comhairleoireachta?
Athraíonn luas an leighis ó dhuine go duine. Braitheann sé ar fhad agus ar dhéine an fhoréigin ghnéasaigh, ar do chaidreamh leis an duine a d’ionsaigh thú, ar an tráma a d’fhulaing tú roimhe seo agus ar an méid tacaíochta a fhaigheann tú taobh amuigh den chomhairleoireacht. D’fhéadfá a bheith linn ar feadh sé sheisiún nó 60 ceann. Is minic a thosaíonn daoine le seisiún sa tseachtain agus ansin fágann siad níos mó ama idir na seisiúin de réir mar a thagann an neart chucu feidhmiú leo féin.
An mbeidh an comhairleoir céanna liom an t-am ar fad?
Beidh. An chéad uair a thagann tú chuig an Ionad Ghéarchéim Éignithe , míneoidh comhairleoir duit an chaoi a n-oibrímid. Tar éis an tseisiúin tosaigh sin, rachaidh do chomhairleoir i dteagmháil leat agus oibreoidh sé/sí leat ar feadh chomh fada agus a theastóidh uait.
An bhfuil aon chabhair ann do mo pháirtí, mo chairde nó mo mhuintir a d’fhéadfadh a bheith corraithe ag an méid a d’inis mé dóibh?
Nuair a fhaigheann tú amach gur fhulaing duine ar cás leat é/í foréigean gnéasach, is féidir leis suaitheadh a bhaint asat agus thú a fhágáil ag ceapadh nach bhfuil tú in ann dada a dhéanamh. Tá comhairleoir againn atá ar fáil chun é sin a phlé leo ar an gcabhairlíne nó duine le duine. Chun níos mó a fháil amach, téigh go dtí Tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing foréigean gnéasach. Má bhíonn an duine atá ag tabhairt tacaíochta duit i dteagmháil leis an ionad céanna leatsa, ní thabharfaimid aon eolas dó/di ar do dhul chun cinn ná ar do chás. Beidh do chás faoi rún agus beidh meas againn air sin.
An gcabhróidh comhairleoireacht liom le dearmad a dhéanamh air?
Is éard is aidhm leis an gcomhairleoireacht nach mbeidh do shaol faoi scáth na heachtra níos mó. Níl sé réalaíoch a bheith ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar an bhforéigean gnéasach tríd an gcomhairleoireacht, ná níor mhaith an rud é a bheith ag iarraidh é sin a bhaint amach.



