Ionsaí gnéis lena mbaineann drugaí
Is é alcól an druga is coitianta a úsáidtear in éigniú
Is é alcól fós an druga is coitianta a úsáidtear in ionsaithe gnéis.Ach tá níos mó agus níos mó drugaí eile á n-úsáid freisin acu siúd a dhéanann ionsaithe gnéis le cabhrú leo an foréigean gnéasach a chur i gcrích.Tá cuid de na drugaí sin dleathach.Is ‘hiopnóisigh’ iad de ghnáth, rud a chiallaíonn go gcuireann siad codladh ort agus go dtugann siad scíth do do chuid matán.
Is é an duine atá freagrach as an bhforéigean gnéasach i gcónaí a roghnaíonn alcól nó drugaí eile a úsáid agus é i mbun ionsaí gnéis.Is cuma má bhí tú féin ag ól nó má thóg tú féin an druga nó má tugadh an druga duit i nganfhios. Fiú má bhí tú an-ólta, ní hionann sin riamh agus toiliú le gnéas.
Ar tugadh druga(í) dom?
- Má mhothaíonn tú aisteach, tinn nó an-ólta tar éis gan ach cúpla deoch a ól, agus má bhíonn a fhios agat nach mbíonn tú mar sin de ghnáth, tá seans ann gur cuireadh druga isteach i do dheoch.Más mar sin a mhothaíonn tú, téigh láithreach go dtí áit shábháilte.
- Tá sé ráite ag roinnt daoine go bhfuil drugáil mar seo cosúil leis an bhfliú a theacht ort go tobann.
- De thoradh éifeachtaí roinnt drugaí, d’fhéadfadh nach mbeadh a fhios agat gur tugadh duit é nó nach mbeifeá in ann dada a dhéanamh.D’fhéadfadh fadhbanna a bheith agat freisin le do chuimhne.
- Cuimnigh gur féidir drugaí a chur isteach i ndeochanna neamhalcólacha freisin.
- Níl blas ná dath ar na drugaí a úsáidtear cé go gcuirtear dye gorm le ceann amháin acu (Rohypnol).Ní féidir an ruaim ghorm sin a fheiceáil, áfach, go ceann beagnach 20 nóiméad.
- D’fhéadfadh gur ól tú an iomarca nó d’fhéadfadh gur chinn tú féin ar dhrugaí a thógáil.
Céard ba chóir dom a dhéanamh?
- Má cheapann tú go bhfuil seans ann gur spíceáladh do dheoch, abair é le níos mó ná duine amháin mar d’fhéadfadh nach mbeadh a fhios agat cé a spíceáil an deoch.D’fhéadfadh gur duine a bhfuil muinín agat as/aisti a rinne é.
- Má tá tú le strainséir, téigh go dtí an bainisteoir nó an tiarna talún agus abair leo é agus ansin cuir glao ar 999 (nó 112 má tá tú taobh amuigh d’Éirinn). Mura féidir leat é sin a dhéanamh, téigh isteach sa seomra folctha agus cuir an glas air go dtagann cabhair.
- Ná lig do strainséar i gcás ar bith cabhrú leat ná thú a thabhairt áit ar bith – d’fhéadfadh gurb é an stainséir sin an té a spíceáil do dheoch.
An mbeidh a fhios agam é má éignítear mé?
- Is féidir le drugaí áirithe do chuimhne a bhaint díot.D’fhéadfá dúiseacht agus gan a fhios agat cén chaoi ar tháinig tú go dtí an áit sin ach go mbeadh amhras ort faoi agus go gceapfá gurbh fhéidir gur ionsaíodh thú.
- Ní gá go mbeadh aon mharc ar do cholainn mar go bhfágfadh an druga (lena n-áirítear alcól) nach mbeadh aon ghá le foréigean fisiceach.
Céard ba chóir dom a dhéanamh má cheapaim gur tugadh druga dom agus gur éigníodh mé?
- Ba cheart go mbeadh trealamh tástála drugaí (trealamh fianaise luaithe) ar fáil i ngach stáisiún Garda; is féidir leo sin tástáil a dhéanamh le haghaidh roinnt drugaí.
- Má théann tú go dtí na póilíní nó go dtí an t-ospidéal, ní mór duit éileamh orthu tástáil fuail agus fola a thógáil le taispeáint an bhfuil aon cheann de na drugaí a úsáidtear in éigniú ann (tá thart ar 6 nó 7 gcinn acu ann).
- Is féidir leat freisin dul go dtí an tAonad Cóireála um Ionsaí Gnéis is gaire duit le haghaidh scrúdú míochaine agus fóiréinseach.
- Más mian leat an t-éigniú a thuairisciú, is fearr é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir sula bhfágann an fhianaise do cholainn.
- Tá seans ann go mbeadh rian an druga imithe ó do cholainn sula dtagann do chuimhne ar an eachtra ar ais chugat.Ní féidir rian fóiréinseach drugaí a fháil ach sa chéad 48 uair an chloig.
- Má chinneann tú gan an eachtra a thuairisciú chuig na póilíní, téigh go dtí an dochtúir nó go dtí clinic a luaithe agus is féidir ionas go ndéanfar tástáil ort le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus toirchis, agus go gcóireálfar aon ghortú fisiceach.
Féadfaidh cuimhní teacht ar ais i bhfoirm spléachtaí siar nó tromluithe seachtainí, míonna nó blianta ina dhiaidh.Is féidir leis sin an-scanradh a chur ort agus d’fhéadfadh tacaíocht a bheith uait má tharlaíonn sé.



