Éigníodh mé

Éigníodh mé, céard ba chóir dom a dhéanamh?

Iarr cabhair!

 
An bhfuil tú sábháilte anois?Mura bhfuil, b’fhéidir go mbeidh ort cabhair a iarraidh.

Ní gá duit aon chinneadh a dhéanamh anois maidir leis an ionsaí a thuairisciú chuig na Gardaí nó an PSNI ach moltar duit gan aon rud a chur as an áireamh.Seo roinnt pointí le cuimhneamh orthu:


Is iomaí bealach a dtéann daoine i ngleic le héigniú agus le mí-úsáid ghnéis.Níl a leithéid de rud ann agus ‘gnáthchás’.

 

B’fhéidir gur mar seo a leanas a rachfá i ngleic leis:

Éifeachtaí ar an bpointe

Suaitheadh agus cúlú, scaoll agus mearbhall, uamhan, neamhchreidiúint agus séanadh, ag mothú salach, anacair, caoineadh agus croitheadh, a bheith suaimhneach agus dícheangailte ón rud ar fad.
 

Éifeachtaí gearrthréimhseacha

Ag smaoineamh gan stad ar shonraí an éignithe, spléachtaí siar a bheith agat, é a bheith ag dul dian ort dul a chodladh agus tromluithe a bheith agat, gan a bheith in ann do scíth a ligean, a bheith do do ní féin an t-am ar fad, tráma fisiceach.


Éifeachtaí fadtréimhseacha

Athruithe móra a bheith ag teacht ar do ghiúmar, iardhearcadh ar an ionsaí arís is arís eile, a bheith ag cur an mhilleáin ort féin, a bheith ag mothú ciontach, eagla, pian dhomhain mhothúchánach, deacrachtaí ó thaobh muinín a chur i ndaoine, deacrachtaí ó thaobh caidrimh nua a fhorbairt, deacrachtaí ó thaobh gnéis de, gan a bheith in ann díriú ar rudaí go héasca agus droch-chuimhne, deacrachtaí ó thaobh déileáil le gnáthaimh rialta.
 
 

ÉIGNÍODH THÚ NÓ MÁ RINNEADH IONSAÍ GNÉIS ORT, IS FÉIDIR LEAT TEACHT CHUGAT FÉIN ACH TACAÍOCHT A FHÁIL