An córas dlí

An córas agus an próiseas dlí

 
I dtrialacha coiriúla lena mbaineann coir ghnéasach, is é an Stát a dhéanann an t-ionchúiseamh. I bPoblacht na hÉireann, is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Stáit. I dTuaisceart Éireann, is í an tSeirbhís Phoiblí Ionchúisimh a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Stáit. Sa dá chás, caithfidh an t-ionchúiseamh a chruthú, thar amhras réasúnach, go ndearna an cosantóir an choir. Is é ról an bhreithimh a chinntiú go dtugtar cothrom na Féinne do gach duine sa triail agus go leantar rialacha na fianaise agus na nósanna imeachta.
 
I bPoblacht na hÉireann, is iad na Gardaí a imscrúdaíonn coireanna gnéasacha. Nuair a bheidh a n-imscrúdú críochnaithe acu, ullmhóidh siad comhad a sheolfaidh siad chuig an DPP. Beidh an fhianaise ar fad a bailíodh sa chomhad sin chomh maith le moladh maidir le cé acu ba chóir leanúint ar aghaidh leis an ionchúiseamh nó nár chóir.

I dTuaisceart Éireann, imscrúdóidh Aonad Coireachta um Éigniú an PSNI an choir. Nuair a bheidh a n-imscrúdú críochnaithe acu, ullmhóidh siad comhad a sheolfaidh siad chuig an tSeirbhís Phoiblí Ionchúisimh. Arís, beidh an fhianaise ar fad a bailíodh sa chomhad.

Cinnfidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i dTuaisceart Éireann agus an DPP i bPoblacht na hÉireann cé acu atá dóthain fianaise ann chun an cás a thabhairt os comhair cúirte nó nach bhfuil. Cuimhnigh nach bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar cé acu a chreideann siad thú nó nach gcreideann. Tá sé bunaithe ar cé acu a chreideann siad gur féidir an cás a chruthú ‘thar amhras réasúnach’ nó nach gcreideann. I bPoblacht na hÉireann, tá sé de cheart agat athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh má chinneann siad gan an t-ionchúiseamh a dhéanamh. Má dhéanann tú amhlaidh, is dlíodóir eile a bheidh ag athbhreithniú an chinnidh sa chás.

NÍ SCAOILFEAR D’AINM LEIS AN bPOBAL I GCAITHEAMH AN CHÁIS NÁ INA DHIAIDH