Marthanóirí fir
Is minic a mhothaíonn marthanóirí fir go bhfuil siad leo féin mar gur beag caint a dhéantar agus gur beag tuiscint atá ag daoine ar mhí-úsáid ghnéis ar bhuachaillí ná, go háirithe, ar ionsaí gnéis ar fhir fhásta.
Is fir a bhaineann mí-úsáid ghnéis as buachaillí nó fir de ghnáth, ach d’fhéadfadh mná é a dhéanamh freisin.Freastalaíonn gach Ionad Ghéarchéim Éignithe ar marthanóirí fir nó cuireann siad ar aghaidh iad go dtí an tseirbhís áitiúil chuí. In go leor Ionaid Ghéarchéim Éignithe , tá comhairleoirí fir ar fáil le haghaidh comhairleoireacht duine le duine, más é sin ab fhearr leat. Faigh IGE.
Céard iad éifeachtaí fadtréimhseacha na mí-úsáide?
Tá éifeachtaí fadtréimhseacha na mí-úsáide cosúil leis na héifeachtaí a bhíonn ag géarthráma ar dhaoine.D’fhéadfadh cuid acu seo a leanas a bheith i gceist:féinmhuinín íseal, dúlagar, imní, deacrachtaí le caidrimh agus le gnéasacht, éiginnteacht faoin gclaonadh gnéis, easpa gnóthachain, ionsaitheacht, easpa teanntáis, andúil, a bheith scoite amach ó dhaoine go sóisialta agus ó thaobh na mothúchán de, oibseisiúin, cliseadh, féinmharú, mí-úsáid daoine eile agus féindíobháil. Tuilleadh faoi thráma
Ón taithí atá againn, má labhraíonn tú le duine éigin, d’fhéadfadh sé cabhrú leat. Tuilleadh faoi chomhairleoireacht
Is féidir le mí-úsáid go leor deacrachtaí a chruthú d’fhir:
Fostaíocht agus dífhostaíocht
D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat ag an obair nó go mbeadh sé deacair ort post a fháil nó a choinneáil.D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat le daoine a bhfuil údarás acu mar gheall ar an mí-úsáid cumhachta idir tú féin agus an té a bhain mí-úsáid asat.D’fhéadfá a bheith ag mothú nach bhfuil tú in ann teagmháil cheart a dhéanamh le daoine ag an obair agus d’fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú duit.
Mí-úsáid substaintí agus andúil
B’fhéidir go rachfá i muinín alcóil nó drugaí nó go ndéanfá an t-uafás oibre chun éalú ón bpian.D’fhéadfadh na handúileacha sin fadhbanna a chruthú duit sa bhaile nó ag an obair; d’fhéadfá do phost a chailleadh, d’fhéadfaidís cur isteach ar dhul chun cinn do ghairme beatha, nó d’fhéadfadh go gclisfí ar do chuid caidreamh.
Láimhseáil feirge
Sa chultúr ina mairimid, is minic a bhíonn drogall ar fhir mothúcháin ar nós náire, leochaileachta, bróin, eagla agus ciontachta a chur in iúl.Is iad sin na príomh-mhothúcháin a bhíonn ag fir tar éis mí-úsáid ghnéis ach is minic a úsáideann siad fearg chun iad a chur in iúl nó a cheilt.
Mearbhall ó thaobh gnéasachta de
Nuair a bhí mí-úsáid ghnéis á baint asat, tá seans ann gur mhothaigh tú spreagtha.Is gnáthfhreagairt é sin ar chion nó aird, fiú má tharlaíonn sé i gcomhthéacs mí-úsáide.D’fhéadfadh sé sin an-mhearbhall a chruthú ionat maidir le do ghnéasacht féin agus do chlaonadh gnéis.Is minic a bhaineann mí-úsáideoirí leas as amhras agus as náire, rud a chruthaíonn mearbhall maidir le claonadh gnéis.D’fhéadfadh go gcuirfeadh an steiréitíopa ‘nach mbaintear mí-úsáid as fir chearta’ leis an imní faoi d’fhearúlacht agus faoi do ghnéasacht, go háirithe má tharla an foréigean gnéasach agus tú fásta.Freisin, d’fhéadfadh gur shásaigh an mhí-úsáid an mhian le comhlíonadh mothúchánach ag leibhéal éigin.Ina dhiaidh sin, d’fhéadfá a cheapadh gurb é an gnéas an t-aon slí amháin leis an ngá sin le chomhlíonadh mothúchánach a shásamh.
Airíonna fisiceacha agus mothúchánacha
Ar na hairíonna a d’fhéadfadh a bheith i gceist, tá:tromluí a bheith agat go minic, suaitheadh leanúnach, deacracht le leithris phoiblí a úsáid, dúlagar, eagla agus tú le fir ionsaitheacha, fadhbanna maidir le muinín agus dlúthchaidreamh, eagla go mbainfeá féin mí-úsáid as páistí agus róchosaint ar do chuid páistí féin.



