Cúram míochaine

Cúram míochaine agus fóiréinseach 

 

Tharlódh go mbeadh drogall ort dul go dtí an dochtúir tar éis ionsaí gnéis ach tá cúiseanna maithe ann lena dhéanamh.

 

Má tá an t-ionsaí díreach tar éis tarlú agus tú ag dul le haghaidh scrúdú míochaine agus fóiréinseach, cuimhnigh:

D’fhéadfadh tacaíocht a bheith uait agus tú ag dul le haghaidh cabhair mhíochaine. D’fhéadfá iarraidh ar chara nó ar ghaol leat a dhul in éineacht leat, nó téigh i dteagmháil leis an Ionad Ghéarchéim Éignithe is gaire duit agus rachaidh comhalta foirne in éineacht leat.
 

Cén duine ar chóir dom a dhul chuige/chuici?

D’fhéadfá a bheith ag iarraidh dul chuig do dhochtúir teaghlaigh féin. Ach, má thuairiscíonn tú an t-ionsaí chuig na póilíní, nó má tá tú ag smaoineamh air, tá seans ann go mbeidh ar an dochtúir nó ar an altra a rinne an scrúdú ort an fhianaise mhíochaine agus fhóiréinseach a thabhairt sa chúirt agus b’fhearr go mbeadh sé/sí sainoilte chun é sin a dhéanamh agus go mbeadh taithí aige/aici ar a leithéid a dhéanamh.
 
Is féidir le d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil thú a chur ar an eolas maidir leis an ionad nó dochtúir is gaire duit atá sainoilte chun scrúduithe míochaine agus fóiréinseacha a dhéanamh. Is éard a bheidh ann:
 

I scrúdú fóiréinseach, bailíonn dochtúir nó altra sainoilte fianaise ó do cholainn is féidir a úsáid chun an duine a d’ionsaigh thú a ionchúiseamh. Bíonn dochtúirí agus altraí in Aonaid Chóireála um Ionsaí Gnéis agus i Sraitheanna Seomraí um Éigniú oilte chun an fhianaise fhóiréinseach a bhailiú agus chun an fhianaise sin a thabhairt sa chúirt, más gá.

Déanfaidh an dochtúir nó an t-altra scrúdú ort freisin lena chinntiú go bhfuil tú ceart go leor. Má bhíonn aon ghortú ort a dteastaíonn cóiríocht mhíochaine uait láithreach lena aghaidh, tabharfar an chóiríocht sin duit roimh an scrúdú fóiréinseach. Más mian leat, beidh comhalta foirne ón Ionad Ghéarchéim Éignithe in éineacht leat i gcaitheamh an scrúdaithe.