Seirbhis Ionadaithe Ghearchéim Éignithe

Céard a gheobhaidh mé ó ionad ghéarchéim éignithe (ige)?

 

Is féidir le foréigean gnéasach an té an ionsaíodh a bhrú amach ó dhaoine eile. Gheobhaidh tú cúram agus tacaíocht i d’Ionad Ghéarchéim Éignithe, áit a dtabharfaidh an fhoireann cabhair duit, ag brath ar do chuid riachtanas.  

 
Má bhíonn an t-ionsaí díreach tar éis tarlú, cabhróidh an fhoireann leat aon chúram míochaine a theastaíonn uait a fháil agus cabhróidh siad leat a chinneadh cé acu a dhéanfaidh tú an t-ionsaí a thuairisciú chuig na póilíní nó nach ndéanfaidh (na Gardaí i bPoblacht na hÉireann agus an PSNI i dTuaisceart Éireann).
 
Má tá páirtí nó duine ar a bhfuil aithne agat ag déanamh ionsaithe gnéis ort, is féidir le hIonad Ghéarchéim Éignithe tacaíocht a thabhairt duit agus comhairle a chur ort.
 

Má tharla an mhí-úsáid tamall ó shin, is féidir leis an bhfoireann tacaíocht mhothúchánach a thabhairt duit chomh maith le comhairleoireacht.

Rud tábhachtach le tuiscint ná go mbeidh idir éifeachtaí gearrthréimhseacha agus éifeachtaí fadtréimhseacha ar do shaol ag an tráma a bhaineann le hionsaí. Tá sé de cheart agat tacaíocht a fháil ó shaineolaithe chun na héifeachtaí sin a scrúdú agus dul i ngleic leo. Ach teagmháil a bheith agat le daoine a aithníonn agus a thuigeann do chás agus an tionchar a d’imir sé ort, ní mhothóidh tú scoite amach ó dhaoine eile a thuilleadh.

Uaireanta b’fhéidir go mbeadh brú ag teacht uait féin nó ó dhaoine eile le treabhadh ar aghaidh le do shaol, neamhaird a thabhairt ar ar tharla agus dearmad a dhéanamh air. Ach má insíonn tú an scéal do dhuine éigin, má bhíonn deis agat labhairt mar gheall air agus má chreidtear thú, ní mhothóidh tú a thuilleadh go bhfuil tú leat féin agus cabhróidh sé leat breathnú ar an gcaoi ar imir an t-ionsaí tionchar ort.

 

Gheobhaidh tú cuid de na seirbhísí seo a leanas, nó iad ar fad, ag d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil:

  • Cabhairlíne chun do chuid ceisteanna a fhreagairt, tacaíocht a sholáthar agus tuilleadh. Faigh IGE.
Cuireann roinnt Ionaid Ghéarchéim Éignithe comhairleoireacht do lánúineacha, comhairleoireacht do ghrúpaí, teiripe scíthe nó teiripí comhlántacha ar fáil.
 

Tá cabhairlíne 24 uair an chloig náisiúnta ann freisin – 1800 778888

 

Ina theannta sin, agus bunaithe ar a bhfoghlaimímid ó mharthanóirí, déanann Ionaid Ghéarchéim Éignithe: