Tuairisciú chuig na póilíní
Tabharfaidh an fhoireann i d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil an t-eolas ar fad duit, nó cabhróidh siad leat lena fháil, ionas go mbeidh tú in ann a chinneadh cé acu a thuairisceoidh an t-ionsaí chuig na póilíní nó nach dtuairisceoidh. Más é do chinneadh dul go dtí na póilíní, is féidir linn é sin a shocrú duit leis an Garda Síochána i bPoblacht na hÉireann nó an Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) i dTuaisceart Éireann. Más fearr leat é, is féidir leat do ráiteas a thabhairt do na póilíní san Ionad Ghéarchéim Éignithe seachas i stáisiún na bpóilíní.
Más é do chinneadh dul go dtí na póilíní, cabhróidh an t-eolas seo a leanas leat:
- Tabhair leat duine a bhfuil tú compordach leis/léi. Tá sé de cheart agat go bhfanfadh an duine sin leat. Má bhíonn an duine sin i láthair agus do ráiteas á thógáil, ní mór a c(h)uid sonraí a chur san áireamh agus is féidir glaoch air/uirthi mar fhinné. Ar an gcúis sin, d’fhéadfadh na póilíní iarraidh ar an duine sin suí taobh amuigh le linn den ráiteas féin a bheith á thógáil. Is féidir leat, áfach, a éileamh go mbeadh an duine i láthair más mian leat.
- Breac síos ainm aon oifigigh nó aon phóilín a mbíonn teagmháil shuntasach agat leis/léi ón uair a thuairiscíonn tú an t-éigniú nó an t-ionsaí i dtosach.
TÁ DUALGAS AR NA PÓILÍNÍ THÚ A CHOINNEÁIL AR AN EOLAS MAIDIR LE DUL CHUN CINN DO CHÁIS
- Is féidir leat labhairt le banoifigeach póilíneachta, más fearr leat é sin.
- Má tá tú ag tuairisciú ionsaí a tharla le déanaí, tabhair athrú iomlán éadaí leat mar go bhféadfadh na póilíní na héadaí a bhí ort nuair a tharla an t-ionsaí a choinneáil chun fianaise fhóiréinseach a bhailiú.
- Ná tóg aon alcól ná drugaí ach, má bhíonn sé sin déanta agat nó má bhíonn tú fós faoi thionchar alcóil nó drugaí, níor chóir do stopfadh sé sin thú ón tuairisciú a dhéanamh.
- Má bhíonn tú ag tuairisciú ionsaí nó éigniú, tuairiscigh a luaithe agus is féidir é. Níl aon teorainn ama ann ach cailltear fianaise fhóiréinseach luachmhar go tapa.
- Cuirfidh na póilíní go leor ceisteanna ort ach ba chóir go mbainfeadh siad sin le do chás.
- Is féidir leat sos a iarraidh am ar bith.
- Iarrfar ort ráiteas scríofa a thabhairt. Sin cur síos sonrach ar ar tharla roimh an ionsaí, lena linn agus ina dhiaidh. Déan cinnte de go léann tú do ráiteas go cúramach agus go n-athraíonn tú é más gá sula síníonn tú é. Tá sé de cheart agat cóip chlóscríofa a fháil agus ba chóir duit í sin a iarraidh. Má chuimhníonn tú ar bhreis sonraí níos déanaí, is féidir leat ráiteas forlíontach a dhéanamh.
- Más féidir an fear a d’ionsaigh thú a shainaithint, is féidir leis na póilíní é a chur faoi agallamh go gairid tar éis duit do ráiteas a thabhairt.
- Mura bhfuil aithne agat ar an bhfear a d’ionsaigh thú agus má ghabhann na póilíní duine atá faoi amhras, is féidir leo iarraidh ort breathnú ar ghrianghraif, freastal ar pharáid aithinte nó dul in éineacht le póilíní go dtí láthair an ionsaí chun iarracht a dhéanamh an fear a shainaithint.



