Gnéaschiapadh
Is éard is gnéaschiapadh ann iompraíocht ghnéasach a bhfuil sé mar aidhm aici thú a scanradh, imeagla a chur ort agus thú a rialú. D’fhéadfadh nach mbeadh sa gnéaschiapadh ach aon teagmhas amháin nó d’fhéadfadh sé leanúint ar aghaidh ar feadh tamaill.
LAGHDAÍONN GNÉASCHIAPADH D’FHÉINMHUINÍN, DÉANANN SÉ BEAG IS FIÚ DÍOT OS COMHAIR DO CHOMHPHÁIRTITHE AGUS DO CHOMHGHLEACAITHE AGUS CUIREANN SÉ SÍOL AN AMHRAIS IONAT FÉIN.
STOP! BÍODH MUINÍN AGAT AS DO CHUID MOTHÚCHÁN. DÉAN GNÍOMH.
Is minic a dhéanann an duine atá i mbun an gnéaschiaptha rud beag de, ag ligean air féin nach raibh ann ach spraoi.
Is iomaí cinéal gnéaschiaptha atá ann:
- mí-úsáid i bhfocail – ag rá rudaí gnéasacha leat atá míchuí agus a chuireann imeagla ort, a náiríonn thú nó atá ina tháiríde.
- ríomhphoist, rudaí crochta ar an mballa nó rudaí a chuirtear sa phost atá maslach,
- a bheith ag leagan láimhe ort go minic nuair is míchompordach leat é sin nó nuair a chuireann sé isteach ar do phríobháideacht,
- teagmháil ar léir duit go bhfuil sí gnéasach agus maslach,
- thú a ionramháil, brú a chur ort nó iallach a chur ort teagmháil ghnéasach a dhéanamh chun fostaíocht, ardú céime nó luach saothair de chineál éigin eile a fháil.
Cuimhnigh nach sa láthair oibre amháin a tharlaíonn gnéaschiapadh, is féidir leis tarlú in áiteanna eile freisin. Déantar gnéaschiapadh ar idir mhná agus fhir agus is féidir le fear nó bean a bheith á dhéanamh. Ní gá gur den ghnéas (inscne) eile an ciapóir – is féidir le fir gnéaschiapadh a dhéanamh ar fhir eile agus is féidir le mná gnéaschiapadh a dhéanamh ar mhná eile. D’fhéadfadh níos mó ná ciapóir amháin a bheith ann agus d’fhéadfadh an ciapadh cur isteach ar níos mó ná duine amháin.
Éifeachtaí an ghnéaschiaptha
Mar a chéile le cineál ar bith foréigean nó mí-úsáid ghnéis, féadann éifeachtaí an-tromchúiseacha a bheith le gnéaschiapadh.
- Is féidir le gnéaschiapadh ar an láthair oibre cur isteach ar do phost agus ar do shlí bheatha agus is féidir leis na héifeachtaí cur isteach ort ar feadh na mblianta.
- Is féidir le gnéaschiapadh cur isteach ar d’intinn, ar do chuid mothúchán agus ar do cholainn. Féadann síorfhaitíos a bheith ar dhaoine a bhfuil gnéaschiapadh á dhéanamh orthu, agus féadann airíonna de strus iarthrámach teacht orthu dá thoradh. Tuilleadh faoi thráma
Má tá gnéaschiapadh á dhéanamh ort:
Má tá gnéaschiapadh á dhéanamh ort agus má tá faitíos nó mearbhall ort faoina bhfuil ag tarlú, creid do chuid mothúchán féin agus cuir muinín iontu. Ná tabhair neamhaird air agus ná bí ag ceapadh nach gá ach dearmad a dhéanamh air le go n-imeoidh sé as do chuimhne. B’fhéidir nach n-imeodh. Uaireanta tosaíonn ciapadh le gníomhartha ‘beaga’ agus ansin méadaíonn sé go dtí go dtarlaíonn ionsaí gnéis.
Má tá airíonna fisiceacha ort a cheapann tú a bheith ceangailte leis an gciapadh, téigh go dtí dochtúir a éistfidh leat agus a bheidh dáiríre faoi do chás. B’fhéidir go mbeidh d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil in ann thú a chur i dteagmháil le dochtúir a bhfuil taithí aige/aici.
Inis an scéal faoina bhfuil ag tarlú do dhuine éigin a bhfuil muinín agat as/aisti. Mura mbíonn an chéad duine dáiríre faoi do chás, labhair le duine éigin a bheidh dáiríre faoi. Tá sé tuillte agat go gcreidfí thú agus go dtabharfaí tacaíocht duit.
Má tá airíonna fisiceacha ort a cheapann tú a bheith ceangailte leis an gciapadh, téigh go dtí dochtúir a éistfidh leat agus a bheidh dáiríre faoi do chás. B’fhéidir go mbeidh d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil in ann thú a chur i dteagmháil le dochtúir a bhfuil taithí aige/aici.
Inis an scéal faoina bhfuil ag tarlú do dhuine éigin a bhfuil muinín agat as/aisti. Mura mbíonn an chéad duine dáiríre faoi do chás, labhair le duine éigin a bheidh dáiríre faoi. Tá sé tuillte agat go gcreidfí thú agus go dtabharfaí tacaíocht duit.
TÁ SÉ TÁBHACHTACH NACH mBEADH DUINE A BHFUIL GNÉASCHIAPADH Á DHÉANAMH AIR/UIRTHI FÁGTHA LEIS/LÉI FÉIN, RUD IS FÉIDIR TARLÚ MAR THORADH AR GHNÉASCHIAPADH LABHAIR LE DUINE ÉIGIN
An ciapadh a stopadh
- Abair le daoine eile go bhfuil an ciapadh ag tarlú.
- Tabhair aghaidh ar an gciapóir le tacaíocht ó chomhghleacathe oibre nó ó dhuine éigin a bhfuil muinín curtha agat ann/inti, agus iarr ar an gciapóir éirí as an gciapadh.
- Déan cinneadh cé acu a dhéanfaidh tú beart eile nó nach ndéanfaidh, sa chás nach n-éiríonn sé/sí as an gciapadh.
CUIMHNIGH GO gCAITHFIDH TÚ TÚS ÁITE A THABHAIRT DO DO SHÁBHÁILTEACHT AGUS DO DO LEAS FÉIN
- Déan gearán le d’fhostóir nó leis an duine atá i gceannas. Tá beartas ar mhí-iompar gairmiúil agus ar chiapadh ag go leor eagraíochtaí, nó nós imeachta le haghaidh gearáin inmheánacha.
- Tóg cás tríd an Údarás Comhionannais, www.equality.ie, i bPoblacht na hÉireann. I dTuaisceart Éireann, téigh i dteagmháil leis an gCoimisiún Comhionannais, www.equalityni.org, chun comhairle agus cabhair a fháil maidir leis an gcaoi le héileamh a dhéanamh. Cuimhnigh go bhfuil teorainneach ama le héileamh a
- Labhair le haturnae maidir le cás sibhialta a thógáil. Beidh go leor Ionaid Ghéarchéim Éignithe in ann thú a chur i dteagmháil le haturnae maith áitiúil.
- Tóg cás coiriúil. Chun é sin a dhéanamh, beidh ort an ciapadh a thuairisciú chuig na póilíní (www.garda.ie or www.psni.police.uk). Tá Aonaid Choireachta um Éigniú thiomnaithe ag an PSNI ar fud Thuaisceart Éireann ina bhfuil foirne d’oifigigh shainoilte ar fáil.
- Téigh i dteagmháil le d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil chun tacaíocht agus tuilleadh eolais a fháil. Faigh IGE.
- Más ball de cheardchumann tú, téigh i dteagmháil leis an gceardchumann mar go mbeidh beartais ar ghnéaschiapadh acu. (Féach www.siptu.ie nó www.ictu.ie)
- Má mheasann tú go bhfuil do shábháilteacht i mbaol, fág do phost nó an áit ina bhfuil an ciapadh ag tarlú agus tuairiscigh chuig na póilíní é (www.garda.ie nó www.psni.police.uk).



