Tacaíocht a thabhairt do dhaoine a d’fhulaing foréigean gnéasach
Má dúirt duine ar d’aithne leat gur baineadh mí-úsáid as/aisti, rinne sé/sí é sin toisc go bhfuil muinín aige/aici asat agus go n-airíonn sé/sí gur cás leat é/í. Ní caidreamh sábháilte a bhí ag an marthanóir leis an té a bhain mí-úsáid as/aisti ná ní fhéadfadh sé/sí muinín a chur sa duine sin; dá bhrí sin tá sé an-tábhachtach go mbeadh caidreamh sábháilte aige/aici anois le duine ar féidir muinín a chur ann/inti, le go mbeadh an marthanóir in ann teacht chuige/chuici féin. Is féidir leat meas a léiriú ar an muinín sin ach tacaíocht a thabhairt don mharthanóir agus a bheith ann dó/di. Is féidir leat cabhrú.
Is féidir leat a rá leis/léi go gcurann tú fáilte gur inis sé/sí an scéal duit agus go bhfuil tú ag iarraidh cabhrú leis/léi. Is féidir leat éisteacht leis/léi le fáil amach céard a theastaíonn uaidh/uaithi. Is féidir leat a thairiscint dó/di go rachfá go dtí Ionad Ghéarchéim Éignithe leis/léi, nó go gcuirfeá glao ar an Ionad Ghéarchéim Éignithe thar a c(h)eann. Is féidir leat eolas a fháil dó/di.
Déan iarracht gan aon chinneadh a dhéanamh gan a c(h)ead.
Seo roinnt rudaí le cuimhneamh orthu a d’fhéadfadh cabhrú leat:
- Tabhair tacaíocht don mharthanóir le smacht a choinneáil ar a s(h)aol. Bhain an mhí-úsáid ghnéis agus an t-éigniú a c(h)umhacht dó/di agus, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach nach ngéillfeá don chathú nádúrtha le ceannas a ghlacadh agus a bheith ag socrú agus ag déanamh rudaí de réir mar a cheapann tú féin ba chóir a dhéanamh. Ina ionad sin, tabhair deis don duine caint a dhéanamh agus cabhraigh leis/léi agus tabhair tacaíocht dó/di lena c(h)uid cinntí.
- Éist agus creid. Tá sé tábhachtach a bheith dáiríre faoi chás an duine, an méid a deir sé/sí leat a chreidiúint agus a bheith réidh le sonraí a chloisteáil a chuirfidh isteach ort agus a bhainfidh suaitheadh asat. Ná caith amhras ar an méid a deir sé/sí. Tá gá ag an marthanóir le duine a éistfidh leis/léi agus a ghlacfaidh leis go bhfuil an méid atá sé/sí a rá fíor.
- Ná déan breithiúnas. Tá sé tábhachtach glacadh leis an gcaoi a bhfuil sé/sí, fiú mura cheap tú gur mar sin a bheadh sé/sí. Is fearr dearmad a dhéanamh ar aon tuairim a bhí agat roimh ré faoin gcaoi ba chóir do dhuine a éigníodh nó ar baineadh mí-úsáid ghnéis as/aisti é/í féin a iompar, agus glacadh leis gur gnáthiompar atá aige/aici. Frithghníomhartha coitianta
- Tabhair dúshlán a f(h)éinmhilleáin. Is minic a mhothaíonn marthanóirí ciontach gur éigníodh é/í nó gur baineadh mí-úsáid ghnéis as/aisti, agus measann sé/sí go bhféadfadh sé/sí, agus gur chóir dó/di, rud éigin a dhéanamh lena chosc. Is minic a chuireann nuachtáin, scéalta grinn agus miotais faoi éigniú (Béarla amháin) an milleán ar an té a éigníodh, á rá gur thug sé/sí ‘cuireadh’ don té a d’éignigh é/í. Tá sé tábhachtach gan an milleán a chur ar an duine maidir leis na gníomhartha a ghlac sé/sí nó nár ghlac sé/sí, fiú má bhíonn sé/sí féin á dhéanamh sin. Ná cuir an iomarca ceisteanna. Tabhair dúshlán na mothúchán a d’fhéadfadh a bheith aige/aici go raibh sé/sí míchúramach, gur chuir sé/sí an-iomarca muiníne sa duine a rinne an t-ionsaí nó go raibh sé/sí róghríosaitheach agus cabhraigh leis/léi an milleán a chur san áit chuí – ar an duine a d’ionsaigh é/í.
- Cabhair ó thaobh na gcéimeanna praiticiúla agus eolais de. Bíonn torthaí praiticiúla ar éigniú. I gcás na bhfear agus na mban, d’fhéadfaidís gortú fisiceach a fhulaingt nó d’fhéadfadh ionfhabhtú gnéas-tarchurtha teacht orthu; i gcás na mban d’fhéadfaidís a bheith ag iompar clainne. D’fhéadfadh do thacaíocht agus do spreagadh a bheith ag teastáil ón marthanóir le go mbeadh a d(h)óthain misnigh aige/aici tástálacha a fháil. Tuilleadh faoi chúram míochaine
- Lig don duine féin a chinneadh cé na céimeanna is mian leis/léi a ghlacadh. Ní mór an cinneadh cé acu an t-ionsaí a thuairisciú chuig na póilíní agus dul chun na cúirte más gá nó gan í a thuairisciú a chur san áireamh. Measann roinnt daoine gur cabhair le smacht a fháil arís ar a saol é dul i ngleic leis na fadhbanna sin iad féin. I gcás roinnt daoine eile, níl siad in ann smaoineamh orthu ar chor ar bith. Mar sin, arís, bíodh meas agat ar mhothúcháin an duine.
- Bí ann san fhadtéarma. Nuair a éignítear duine nó nuair a dhéantar ionsaí gnéis air/uirthi, seans go mairfidh na héifeachtaí ar feadh i bhfad. Ná cuir comhairle ar dhuine dearmad a dhéanamh air – níl sé/sí in ann. Bí réidh le tacaíocht a thabhairt dó/di nó éisteacht leis/léi amach anseo má theastaíonn sé. Abair leis/léi go mbeidh tú ar fáil le haghaidh comhrá am ar bith a dteastaíonn sé sin uaidh/uaithi. Glac leis nach gá gur tusa i gcónaí an duine a rachaidh sé/sí chuige/chuici.
- Tabhair aire duit féin. Féadann sé go leor ama a thógáil teacht ar ais ó mhí-úsáid agus b’fhéidir nach dtiocfaidh do chara, do pháirtí, do dheirfiúr nó do mhac chuige/chuici féin go tapa, mar sin ná hídigh do chuid fuinnimh ar fad ag an tús. Bí soiléir agus macánta faoin tacaíocht is féidir leat a thairiscint agus faoin méid a bheidh tú in ann a sheasamh.
- D’fhéadfá a bheith ag ceapadh gur beag atá tú in ann a dhéanamh; d’fhéadfadh mearbhall a bheith ort agus d’fhéadfá a bheith suaite. D’fhéadfadh sé a bheith deacair ort a chreidiúint go bhfuil an méid a dúirt an duine leat fíor. Más mar sin atá tú, b’fhéidir go mbeidh ort labhairt le duine éigin faoina bhfuil tú a mhothú.
NÁ CEAP GO mBEIDH AN MARTHANÓIR IN ANN ÉISTEACHT LEAT.
CAITHFIDH TÚ DUL I dTEAGMHÁIL LE CARA NÓ LE hIONAD GHÉARCHÉIM ÉIGNITHE CHUN TACAÍOCHT A FHÁIL DUIT FÉIN
- Bí tuisceanach maidir le deacrachtaí an duine ó thaobh gnéasachta agus dlúthchaidreamh de. Má éigníodh do pháirtí nó má baineadh mí-úsáid ghnéis as/aisti, d’fhéadfadh nach mbeadh sé/sí ag iarraidh codladh leat nó fiú a bheith róghar duit. Bíodh meas agat ar a c(h)uid mianta agus abair leis/léi go ndéanfaidh tú talamh slán de nach mbeidh gnéas ann ach amháin má deir sé/sí a mhalairt. Is féidir le mí-úsáid mar pháiste an t-idirdhealú idir gnéas agus cion a dhoiléiriú agus is féidir leis sin cur isteach ar chairdeas gach pioc chomh mór le caidrimh ghnéasacha. Mura dtuigeann tú riachtanais do pháirtí maidir le gnéas agus le dlúthchaidreamh agus má tá mearbhall nó fearg ort, b’fhéidir gurbh fhiú duit labhairt le duine éigin faoi.



