Tuilleadh maidir le tráma

Tuilleadh maidir le tráma

 

Céard is tráma ann?

I gcás contúirte, tionscnaíonn ár gcóras cosanta sruth aidréanailín a chabhraíonn linn a bheith ar an airdeall agus troid nó teitheadh. Tagann tráma i gceist nuair a bhímid thar ár riocht agus nach mbímid in ann troid ná teitheadh. Is féidir leis sin athruithe trámacha a thioscnamh sa cholainn agus san intinn.

Dícheangal

Tagann athrú feasachta ar go leor daoine i gcaitheamh tráma; nuair nach féidir leo éalú ón tráma, déanann siad iarracht éalú ina n-intinn. D’fhéadfadh nach mothófá dada nó go séanfá gur tharla rud ar bith. D’fhéadfadh go raibh an tráma ar nós gur tharla sé do dhuine éigin eile. D’fhéadfadh nach mbeifeá in ann cuimhneamh ar chodanna den eachtra thrámach nó go mbeadh do chuimhne uirthi ar nós nár tharla sí ar chor ar bith.
 
D’fhéadfá iarracht a dhéanamh an chuimhne a chur i gceilt trína bheith ag tógáil drugaí nó ag ól an iomarca. Le aghaidh go leor daoine, is gnáthshlí é sin le dul i ngleic leis an tráma agus cabhraíonn sé leo sa ghearrthéarma. Ach tá sé tábhachtach a thuiscint gur féidir leis an réiteach gearrthréimhseach sin níos mó fadhbanna a chruthú san fhadtéarma. Mura bhfuil tú in ann stopadh, tá tacaíocht ar fáil le cabhrú leat.

CUIMNIGH GUR FÉIDIR ÉIFEACHTAÍ AN TRÁMA A LEIGHEAS


 

Éifeachtaí gearrthréimhseacha

A bheith ar an airdeall go síoraí. Ceapann tú go mbeidh contúirt ann am ar bith. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh go mbainfí geit asat go héasca, go gcuirfeadh rudaí beaga cantal ort, nach mbeifeá in ann codladh ná ithe i gceart, nó go mbeadh eagla agus imní ollmhór ort.

Spléachtaí siar agus tromluithe D’fhéadfadh nach mbeifeá in ann dearmad a dhéanamh ar an eachtra thrámach, go háirithe sa ghearrthéarma. Blianta ina dhiaidh, is féidir leis an eachtra teacht ar ais chun do chuimhne. Is féidir le spléachadh siar a bheith an-bheo agus an-sonrach, ach fós d’fhéadfadh sé a bheith deacair a chur in iúl i bhfocail céard a tharla.

Tú féin a chur i gcontúirt d’aon ghnó. D’fhéadfá tú féin a chur i gcontúirt d’aon ghnó lena chruthú duit féin, mar shampla, nach bhfuil an t-éigniú ag dul i bhfeidhm ort.

Éifeachtaí fadtréimhseacha

D’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar d’fhéinmhuinín agus ar do chumhacht phearsanta. Sáraíonn an foréigean gnéasach a d’fhulaing tú do chuid teorainneacha agus an smacht a bhraitheann tú ar do shaol. Is féidir le foréigean gnéasach tú a fhágáil ag ceapadh gur beag an tábhacht atá le do chuid mothúchán nó le do chuid cinntí.
 
D’fhéadfá a bheith ag mothú ciontach, d’fhéadfadh náire a bheith ort, d’fhéadfadh fonn féindíobhála nó féinmharaithe a bheith ort, nó d’fhéadfá a bheith tugtha d’alcól nó do dhrugaí eile. D’fhéadfadh meabhairghlar teacht ort de thoradh an tráma. Is féidir leis sin tionchar a imirt ar an gcaoi a gceapann tú ba chóir do dhaoine caitheamh leat agus ar an gcaoi a bpléann tú le daoine eile. Má insíonn tú do scéal agus má chreidtear thú, is féidir leis cabhair mhór a thabhairt duit ó thaobh cumhacht agus smacht ar do shaol a fháil ar ais agus an luach a chuireann tú ort féin a ardú.

Do cholainn

D’fhéadfadh gur tháinig neamhord itheacháin, andúil nó tinneas fisiceach eile ort atá ceangailte lenar tharla. Más deacair leat breathnú ar do cholainn agus éisteacht leis na teachtaireachtaí a thugann sí duit, is féidir le tacaíocht agus le comhairleoireacht an-chabhair a thabhairt duit le déileáil leis sin.

Do chuid mothúchán

D’fhéadfadh gur thug tú neamhaird ar do chuid mothúchán nó ar phian fhisiceach le go mbeifeá in ann teacht tríd an bhforéigean gnéasach. Chabhraigh sé leat a bheith gan mhothú – thug sé tríd an tráma thú. B’fhéidir go bhfuil tú á úsáid le teacht tríd an saol ó shin. B’fhéidir go bhfuil sé róscanrúil an fhearg, an eagla, an bhuairt agus an brón nach raibh tú in ann a mhothú ansin a mhothú anois. D’fhéadfadh go bhfágfadh sé sin nach bhfuil tú in ann na dea-mothúcháin a mhothú ach an oiread nó nach bhfuil tú in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Is féidir teacht chugat féin agus raon iomlán mothúchán a bheith agat.

Dlúthchaidreamh

Má bhí caidreamh agat leis an duine a bhain mí-úsáid asat agus má chuir tú muinín ann/inti, ó bheith ag caint leis/léi nó toisc gur gaol leat é/í, d’fhéadfadh gur deacair leat muinín a chur in aon duine anois, dlúthchairde a bheith agat nó caidreamh a bheith agat atá sláintiúil agus nach bhfuil mí-úsáid ag baint leis. Is féidir leat na mothúcháin sin a athrú le himeacht aimsire de réir mar a fhaigheann tú smacht arís ar do shaol. Féadann tacaíocht ó chara nó ó chomhairleoir an-chabhair a thabhairt duit.

Gnéasacht

Má baineadh mí-úsáid asat, tá seans ann go gceanglóidh tú gnéas le drochrudaí. B’fhéidir go ndearna tú thú féin a dhícheangal ó mhothúcháin ghnéasacha i gcaitheamh an tráma. B’fhéidir gur insíodh duit nach raibh aon tábhacht leat agus nach bhfuil de mhaith ionat ach gnéas. Anois, b’fhéidir go mbíonn deacrachtaí agat le caidrimh ghnéasacha.
 
B’fhéidir go gcuireann mothúcháin ghnéasacha náire, déistean, pian nó uirísliú ort. B’fhéidir nach bhfuil tú in ann aon teagmháil ghnéasach a sheasamh. B’fhéidir go mbíonn tú ag cuardach gnéis nach bhfuil uait i ndáiríre nó b’fhéidir gur deacair leat diúltú. B’fhéidir go raibh páirtithe agat a bhain mí-úsáid ghnéis asat.

Le himeacht aimsire, is féidir leat foghlaim cén chaoi le do chuid riachtanas a aithint agus le haire a thabhairt duit féin. Is féidir leat foghlaim cén chaoi le caidreamh gnéasach sábháilte agus taitneamhach a thógáil agus oibriú tríd an náire a d’fhéadfadh a bheith ort le fada.

D’fhág an foréigean gnéasach go raibh tú scoite amach ó dhaoine. Agus tú ag teacht chugat féin, iarr cabhair ó dhaoine eile, mar shampla dlúthchara, grúpa tacaíochta nó comhairleoir.