Céard a gheobhaidh mé ó ionad ghéarchéim éignithe (ige)?
Is féidir le foréigean gnéasach an té an ionsaíodh a bhrú amach ó dhaoine eile. Gheobhaidh tú cúram agus tacaíocht i d’Ionad Ghéarchéim Éignithe, áit a dtabharfaidh an fhoireann cabhair duit, ag brath ar do chuid riachtanas.
Má tharla an mhí-úsáid tamall ó shin, is féidir leis an bhfoireann tacaíocht mhothúchánach a thabhairt duit chomh maith le comhairleoireacht.
Rud tábhachtach le tuiscint ná go mbeidh idir éifeachtaí gearrthréimhseacha agus éifeachtaí fadtréimhseacha ar do shaol ag an tráma a bhaineann le hionsaí. Tá sé de cheart agat tacaíocht a fháil ó shaineolaithe chun na héifeachtaí sin a scrúdú agus dul i ngleic leo. Ach teagmháil a bheith agat le daoine a aithníonn agus a thuigeann do chás agus an tionchar a d’imir sé ort, ní mhothóidh tú scoite amach ó dhaoine eile a thuilleadh.
Gheobhaidh tú cuid de na seirbhísí seo a leanas, nó iad ar fad, ag d’Ionad Ghéarchéim Éignithe áitiúil:
- Cabhairlíne chun do chuid ceisteanna a fhreagairt, tacaíocht a sholáthar agus tuilleadh. Faigh IGE.
- Tá comhairleoireacht trí ghaeilge le fáil ón ionad i nDún na nGall
- Tacaíocht duine le duine, abhcóideacht agus comhairleoireacht más fear nó bean tú atá 14 bliana d’aois nó níos mó ar bhain foréigean gnéasach de chineál ar bith dó/di. Tuilleadh faoi chomhairleoireacht (Má tá tú faoi bhun 14 bliana d’aois, glaoigh ar CARI le do thoil ar 1890 924 567 nó téigh go dtí www.cari.ie)
- Duine oilte le dul i do theannta go dtí na póilíní, an chúirt, an dochtúir, nó Aonad Cóireála um Ionsaí Gnéis, má chineann tú ar dhul go dtí aon cheann acu sin
- Eolas ar:
- teacht chugat féin,
- nósanna imeachta na bpóilíní
- tástáil toirchis, piollaire na maidne dár gcionn, agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha,
- an próiseas dlí,
- Tacaíocht agus comhairleoireacht do do mhuintir, do pháirtí, do chairde nó daoine atá ag tabhairt tacaíochta duit.
Tá cabhairlíne 24 uair an chloig náisiúnta ann freisin – 1800 778888
Ina theannta sin, agus bunaithe ar a bhfoghlaimímid ó mharthanóirí, déanann Ionaid Ghéarchéim Éignithe:
- stocaireacht a dhéanamh ó thaobh seirbhísí níos fearr, rochtain fheabhsaithe ar cheartas, agus athruithe beartais agus dlí,
- cur le feasacht an phobail ar fhoréigean gnéasach agus an chaoi lena chosc,
- cláir oideachais a sholáthar, agus
- oibriú le daoine eile, mar shampla dochtúirí agus na póilíní.
